Cois Cuain

OSCLAÍODH súile grúpa ban ó Bhaile Átha Cliath ar an saibhreas mór Gaeilge a bhí i mBéal Feirste tráth nuair a thug Parlaimint…

OSCLAÍODH súile grúpa ban ó Bhaile Átha Cliath ar an saibhreas mór Gaeilge a bhí i mBéal Feirste tráth nuair a thug Parlaimint na mBan cuairt ar an chathair sin an tseachtain seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

I Leabharlann Ollscoil na Banríona taispeánadh dóibh lámhscríbhinní d'fhoinn agus d'amhráin atá i mbailiúchán Edward Bunting. In 1792 fostaíodh Bunting chun na foinn a seinneadh ag Féile na gCláirseoirí i mBéal Feirste a chur ar phár agus spreag sé sin é chun turas a dhéanamh timpeall na tíre ag bailiú fonn agus chun daoine eile a fhostú chun cuidiú leis san obair seo.

Thug an Dr Máire Uí Bhaoill caint dóibh ar obair na scríobhaithe agus a bhfuil le foghlaim óna gcuid peannaireachta.

Taispeánadh dóibh freisin lámhscríbhinní an fhoclóra Béarla-Gaeilge a chuir Roibeárd Mac Ádhaimh le chéile sa 19ú haois, foclóir nár cuireadh i gcló riamh cé gur chaith sé na blianta ag gabháil dó.

READ MORE

Thug siad cuairt ansin ar Eaglais Naomh Áine, áit a mbíodh Bunting ag seinm an orgáin ann agus ar Pottingers Entry mar a raibh scoil Ghaeilge ag Cumann na gCláirseoirí.

Is i Donegal Place atá an foirgneamh ina raibh Féile na gCláirseoirí ach diomaite plaic bheag shalach ar an bhalla níl comhartha ar bith ar an fhoirgneamh gur ann a tionóladh an fhéile ba chúis le hathbheochan suime sa Ghaeilge i gcathair Bhéal Feirste.

TÁ AN Ciorcal Caidrimh le teacht le chéile san oíche amárach ag 8.30pm i gCultúrlann na hÉireann, Cearnóg Belgrave, Baile na Manach, Baile Átha Cliath. Beidh Brian Mac Aongusa ag caint leis an Seanadóir Labhrás Ó Murchú. Fáilte roimh chách.

athbheochanrevival - bailiúcháncollection - caighdeánstandard - comhionannasequality - dlínsejurisdiction - éiginnteuncertain - eispéireasexperience - fásgrowth - folúsvacuum - feanntachsevere - foirgneamhbuilding - lamháltasconcession - riachtanasnecessity - saibhreasriches